This website uses cookies to ensure the best possible experience for you, the visitor. Find out more about cookies and how they relate to this website.

I UNDERSTAND
A parent to parent voluntary support charity

Cén fáth Beathú Cíche?

Is bainne speisialta é bainne na máthar – go háirithe an bainne cothaitheach (angruth túis) a fhaigheann do leanbh sa chéad cúpla lá. Tá fhios againn anois go bhfuil cosaint éigin ag páiste a fuair bainne a mháthar mar leanbh, ar go leor breoiteachtaí i rith a óige. Tá bainne gach máthair saincheaptha do riachtanais a linbh agus is bia foirfe é dá leanbh. Ní féidir é a dhéanamh go saorga.

Cuireann bainne cíche an cothú ar fad ar fáil a bhíonn ag teastáil ó leanbh ar feadh an chéad sé mhí den saol. Tá an méid ceart próitéine, carbaihiodráite, vitimíníagus mianraí, tosca fáis, siúcraí nádúrtha agus aigéid shailleacha riachtanachaaige.

Tugann beathú cíche cosaint do leanaí ar ionfhabhtú go dtí go bhfuil siad ábalta iad féin a chosaint. Neartaíonn bainne cíche córasimdhíonachta an linbh leis na hantashubstaintí, na próitéiní agus na cealla imdhíonacha a thugtar don leanbh. Ní fhulaingíonn leanaí a fhaigheann bainne cíche chomh mór le hurlacan nó buinneach mar leanaí a fhaigheann bainne foirmle, agus bíonn níos lúionfhabhtuithe cluaise, ionfhabhtuithe scornaí, ionfhabhtuithe cliabhraigh agusionfhabhtuithe conair an fhuail acu. Bíonn níos lú slaghdán ag leanaí a fhaigheann bainne cíche agus ní bhíonn siad chomh dealraitheach broincíteas, niúmóine ionfhabhtuithe eile a bhíonn comhcheangailte le Siondróm Bás Tobann Naíonán (SIDS) a fháil.

Tolgann leanaí a fhaigheann bainne cíche níos lú ailléirgí, asma agus eachma.

Bíonn beathú cíche tíosach – bíonn bainne cíche saor in aisce!

Bíonn bainne cíche neamhdhíobhálach don chomhshaol – níl aon gá lepacáistíocht, agus níl gá le citeal a fhiuchadh ná méideanna a thomhais.

Bíonn bainne cíche i gcónaí réidh agus ag an teocht cheart.

Taispeánann taighde go bhfuil forbairt néareolaíoch níos fearr ag leanaí a fhaigheann bainne cíche..

Tugann bainne cíche cosaint do do leanbh ar diaibéiteas cineál 1.

Tá baint idir beathú cíche a thosú go luath agus priacal laghdaithe um mhurtaill níos déanaí sa saol – bíonn leibhéil ísle insline sa bhainne cíche (a bhíonn freagracht as cruthú saille a spreagadh) and bíonn níos mó den hormón próitéine, leptin, ann freisin a rialaíonn an goile.

An bhfuil fhios agat nuair a roghnaíonn tú beathú cíche, bíonn sé níos éasca do chruthaíocht a fháil ar ais? Úsáideann mná a bhfuil leanaí cíche acu timpeall 2-300 calraí breise sa lá – sin an rud céanna mar dhá dreas traenála aeróbacha sa seachtain! Ní hamháin go bhfaigheann tú do chruthaíocht ar ais níos tapúla, ach cabhraíonn beathú cíche leis an mbroinn a fhilleadh ar ais níos tapúla ar an staid ina raibh sé roimh an toircheas. Mar sin, is féidir le beathú cíche cabhair a thabhairt duit an meáchan a mhéadaigh tú i rith an thoirchis a chailleadh. Bíonn go leor buntáistí sláinte eile ar fáil do mháithreacha a bhfuil leanaí cíche acu cosúil le cosaint ar oistéapóróis agus briseadh cromáin. Tugann beathú cíche cosaint do mháithreacha ar ailse ubhagáin agus ailse chíche roimh an sos míostraithe.

Is é beathú cíche an cineál cothaithe is glaine agus is sábháiltí agus molann an EagraíochtDhomhanda Sláinte é go haonchiallach. Ní hamháin ach caithfidh tú do lámha a ghlanadh roimh chothú agus tar éis a chlúidín a athrú.

Rinneadh athbhreithniúchán ar an leathanach seo i Meitheamh 2009

Translated from Cuidiú's Breastfeeding Support pages of this website by the Commercial Translation Centre.