This website uses cookies to ensure the best possible experience for you, the visitor. Find out more about cookies and how they relate to this website.

I UNDERSTAND
A parent to parent voluntary support charity

Na Laethanta Tosaigh

Is é an tús is fearr le beathú cíche ná teagmháil craiceann-le-craiceann a dhéanamh idir tú féin agus do leanbh go luath tar éis na breithe. Cabhraíonn sé seo le nasc níos láidre a bhunú le do leanbh. (Féach ar an Treoirleabhar Tomhaltór chun eolas breise ar sheirbhísí máithreachais a fháil). Muna raibh tú ábalta teagmháil craiceann-le-craiceann a dhéanamh ag an mbreith, is féidir leat cúiteamh a dhéanamh le cuid mhór gráínteachta sna laethanta tosaigh agus bíonn sé an-taitneamhach chomh maith. Is féidir leat nó le athair an linbh an leanbh a choinneáil ar do/a chliabhrach nocht. Chun uasbhuntáiste a fháil ní féidir le do leanbh ach clúidín amháin a chaitheamh. Bí cinnte go bhfuil an leanbh te. Cuirblaincéad air nó coinnigh laistigh de d'éadaí é.

Braitheann roinnt máithreacha frithireacht sine sa chéad cúpla lá den bheathú cíche. Tá sé seo normálta agus is cosúil go stopfaidh sé go luath agus tú ag fáil taithí air. Idir an dá linn, tá roinnt smaointe anseo chun chabhrú leat: Bí cinnte go bhfuil an leanbh sa suíomh ceart ag an mbrollach. Tar éis don leanbh greim a choinneáil uirthi, ní bheadh an beathú cíche chomh pianmhar nuair a leanann tú ar aghaidh. Dá mbeadh sé pianmhar, tóg an leanbh ón mbrollach go caoin ag cur do mhéar bheag laistigh de chúinne a bhéil chun an súchán a bhriseadh. Cuir an leanbh sa suíomh ceart arís go cúramach ag cinntiú go bhfuil a bhéal oscailte go leathan sula mbeireann sé greim uirthi.

Nuair atá an cothú críochnaithe, cuimil roinnt bainne cíche ar an tsine agus ina timpeall. Fág é chun triomú go nádúrtha. Bíonn airíonna leighis nádúrtha i mbainne cíche agus níl gá le hungthaíspraeanna eile a úsáid. Dá leanfaidh anfhrithireacht, labhair le do bhean chabhrach, altra sláinte poiblí, dochtúir ginearálta nó an Comhairleoir um Bheathú Cíche i do cheantar.

Conas is féidir tús maith a fháil

  • Tabhair an chíoch chuig an leanbh chomh luath i ndiaidh na breithe agus is féidir.
  • Bain úsáid as beathú cíche go minic – chomh minic agus a theastaíonn sé ón leanbh – ná bí buartha faoi sceidil.
  • Codail in aice le do leanbh. Bíonn sé níos áisiúla agus níos suaimhní agus bíonn sé níos éasca é a chothú chomh maith.
  • Déan iarracht gan buidéal nó gobán súraic a thabhairt dó go dtí go bhfuil beathú cíche bunaithe go maith.

Is gné coitianta í iomláine sna laethanta tosaigh den bheathú cíche ach ní tharlaíonn sí do gach bean. Tarlaíonn sí nuair a thagann an bainne aibí tar éis 3 nó ceithre lá (5-6 lá tar éis breithe Caesarach). Le hiomláine, bíonn na brollaigh te, crua agus frithir agus braitheann siad an-iomlán. Is í an chúis atá leis seo ná an t-imshruthú fola a théann go dtí na brollaigh , a úsáidtear chun an bainne aibí a dhéanamh. Go minic bíonn sé deacair don leanbh greim a bhreith ar an mbrollach iomlán. Cabhraíonn sé chun roinnt bainne a thál faoi lámh sula ndéanann tú iarracht an leanbh a chur ar do chíoch. Seo modhanna eile sólásacha is féidir a úsáid: flainíní te a chur ar an mbrollach; an chíoch a fhliuchadh le huisce te;folcadh agus cithfholcadh. Laghdaíonn an iomláine tar éis cúpla lá agus de ghnáth bíonn sé imithe tar éis seachtaine. Don chuid is mó, is míchaoithiúlacht sealadachí iomláine. Nuair a laghdaítear í bíonn na brollaigh níos boige go minic. Taispeánann bogadh na mbrollach seo go bhfuil cothromaíocht ann anois idirsoláthar agus éileamh. comhartha é nach bhfuil go leor bainne agat do do leanbh. Nuair a chothaíonn tú do leanbh go minic soláthróidh tú an bainne ar fad a theastófar ó do leanbh. Má bhíonn deacracht ar bith agat labhair le do bhean chabhrach, altra sláinte poiblí nó an Comhairleoir um Bheathú Cíche Cuidiú i do cheantar.

Rinneadh athbhreithniúchán ar an leathanach seo i Meitheamh 2009

Translated from Cuidiú's Breastfeeding Support pages of this website by the Commercial Translation Centre.